Scoil: Doire Thanaidhe (uimhir rolla 11204)
- Suíomh:
- Doire Sheanaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Ní Amhalaghaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire Thanaidhe
- XML Leathanach 070
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Pisreogaí fá Oíche Bhealtaine”
- XML “Oíche Bhealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé na fonnsaí thart air le na chongbhail daingean.
Cuartas seo o Anna Nic Gaoithin: trí sgór go leíth - Creideann na daoine gur choir do gach duine crann caorthann a chuir 'na sheasamh suas san charn-aoiligh ( Crann Bealtaine mar deir siad ) agus siol astrach a cheanghail thart air ar Oidhche Bhealtaine agus creideann siad muna ndeanfar seo go meathann ma ba san bhainne. Creideann siad fosta gur choir an teinidh a fhagailt gan coigilt an oidhche sin. Na girrseachaí óga ata ag brath posadh, gheibheann siad seilide an oidhche sin agus cuireann siad faoi bheal pota é agus ar maidin nuair a thógfhadh siad an potá bheadh ainm an fhir a bhí le faghail acu sgriobhta ar an talamh ag an seilide. An oidhche seo fosta ba ghnathach le girrseach óg a ghabail amach na sgioból agus coinneal feaga a tabhairt leithe agus súiste agus toiseadh ag bualadh arbhair ag d'réir mar buailfeadh sí na pionamneacha caitheadh sí ar chúl an dorais iad agus cibé fear a bhí le faghail aici thiocfadh sé agus sgiobfadh sé leis an phionainn.Bá ghnathach leobhta fosta ceartlín, cháil a chrochadh ós cionn an dorais agus an chead fear singilte a buailfheadh a cheann ar an cheartlín ba hé sin an fear a geobhadh sí.
- Sé chuaidh me spaisthracht Oidhche Bealtaine(leanann ar an chéad leathanach eile)