Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 163
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann uair amhain agus bhí sé pósta agus bhí inghean amháin aige. Fuair a bhean bás agus posadh é arís. Bhí inghean eile aige annsin.”
Bhí fear ann uair amhain agus bhí sé pósta agus bhí inghean amháin aige. Fuair a bhean bás agus posadh é arís. Bhí inghean eile aige annsin. Bhí an chéad inghean iongantach doigheamhail agus ní rabh an darna inghean doigheamhail ar cor ar bith. Sé Síghle a b’ainm don bhean doigheamhail agus sé Máire buidhe a b’ainm do’n bhean eile.
Nuair a thiocfadh duine ar bith isteach bheadh siad ag caitheamh airgid ag Síghle (aige) agus bheadh siad ag caitheamh sileogaí ar Máire buidhe. Ní raibh máthair Máire buidhe sásta le sin agus ba mhaith leithe Síghle a mharbhuigheadh. Lá amháin nuair a bhí an fear amuigh ag siubhail thug bean na fhir leithe sgian and ghearr sí an ruball de achan bheathach a bhí sa gharraidhe. Thug sí isteach an fhuil leithe annsin.
Bhí páiste beag aice sa chliabhan agus chuir sí éadach geal air. Annsin chuir sí (éadach) an fhuil thart ar an t-éadach. Nuair a tháinig an fear isteach d’fhiafruigh sé cáide tháinig ar an pháiste. Dubhairt an bhean leis go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall