Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 212
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí gasúr ann fad o shoin agus bhí ag buachailleacht eallaigh astoigh i gcoill. Lá amháni dubhairt sé leis féin go dtabhair sé siubhal fríd an choill.”
Seán-Sceál
Bhí gasúr ann fad o shoin agus bhí ag buachailleacht eallaigh astoigh i gcoill. Lá amháin dubhairt sé leis féin go dtabhair sé siubhal fríd an choill. Nuair a bhí sé giota maith ar shiubhal d'éirigh sé tuirseach agus shuidh sé síos. Tháinig ceo mhór air agus ní rabh fhios aige cá rabh sé ag dul. Shiubhal sé leis giota maith fríd an choill agus chonnaic sé solas beag. Chuaidh sé go dtí an t-solas. Bhí teach bheag ann agus bhí fuinneóg amháin air. Chuaidh sé isteach agus bhí bandraoi ann agus fiacla iongantach fada uirthe. D'fhiafruigh an ghasúr duithe an dthiocfadh leis fanacht aice go maidín agus dubhairt sise go rabh dhá fhathach san teach agus comh luath agus thiocfadh siad isteach go muirfeadh siad é. Dubhairt an ghasúr annsin nach rabh sé abalta a dhul níos fuide agus d'iarr sé uirthe é a chur i(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mheallaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Ó Breasleáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Raithnigh, Co. Dhún na nGall