Scoil: Dooey (uimhir rolla 15657)
- Suíomh:
- An Dumhaigh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: M. Mac Amhlaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dooey
- XML Leathanach 242
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“Bhí trí ghasúr ann uair amháin agus ainmeacha a bhí urtha Seán, Pádraig agus Eamonn. Bhí trí chapall aca seo, dhá chapall mhór ag Sean agus Eamonn agus bhí capall beag baoideach ag Pádraig.”
Bhí trí ghasúir ann uair amháin agus ainmeacha a bhí urtha Seán, Pádraig agus Eamonn. Bhí trí chapall aca seo, dhá chapall mhór ag Sean agus Eamonn agus bhí capall beag baoideach ag Pádraig. Lá amháin nuair a bhí Sean ar shiubhal mharbh Eamonn agus Pádraig an capall air. Nuair a tháinig Seán an capall marbh bhí sé buadhreadh. Bhain se dé an croiceann agus chuaidh sé go dtí an baile mór le é a dhíol.
Nuair a bhí sé ag dul go dtí an baile mór fuair sé greim ar éan. Chuaidh se go dtí an baile mór dhíol sé an croiceann ar ceithre sgillinge agus thug bean usual céad punnta do ar an éan. Tháinig sé na bhaile agus dubhairt sé leo dá mbéadh croiceann capall mór aige go ngeobhadh sé céad punnta air. D’imthig an bheirt acha san agus mharbh siad a gcuid capaill. D’ imthigh an bheirt aca go dtí an bhaile mhór le iad a dhíol. Ní bhfuair siad acht cuig sgillinge uirthe. Nuair a bhí siad(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Chanain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chánain
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Leitir Mhic an Bhaird, Co. Dhún na nGall