School: Mín na Mánrach

Location:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Teacher:
Niall Mac Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 16

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 16

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín na Mánrach
  2. XML Page 16
  3. XML “Scian go mBuaidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    sé í. Bhí oiread gráin aige uirthi gur bhuail sé cic de n-a bhróig uirthí agus d'fhág sé thíos i lár an dorais í.
    D'imthigh sé leis arais fríd na seomraí agus sa deireadh shuidh sé síos a dhéanamh a sgriste. Nuair a bhí tamall 'na shuidhe smaointigh sé go rabh an t-am aige bheith ar shiubhal. Bhí obair aige a chasan a dhéanamh arais bhí an oiread sin seomraí ann, acht sa deireadh thainic sé go dtí an doras a rabh an tsean chailleach na luighe ann. Bhí sí comh h-atuighthe le barr an dorais agus ní rabh a fhios aige caidé mar gheobhadh sé amach. Smaointigh sé go gcuirfeadh sé sucadh de'n sgein innti agus chuir, ach caidé thainic amach aisti ach na céadtaí de fhir bheaga ruadha agus thoisigh siad air.
    Thug sé thart an sgian agus steall sé na cinn de chuid acu ach chuir an chuid eile ortha arais iad. Thug sé an sgian thart an dara h-uair agus steall sé na cinn uilig daobhtha.
    Nuair a fuair sé a cheann leis anois d'imthigh sé. Bhí sé tamall maith san lá nuair a shroich sé na Fianna. Bhí luthgháir mhór ortha nuair a bhí sgian go go mbuaidh leis agus ó'n lá sin amach bhí urraim mhór fá choinne Ghoill Mhic Mhóirne.
    Eanair 1935
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Dubhgain
    Gender
    Male