School: Mín na Mánrach
- Location:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Niall Mac Suibhne
![The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 76](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1055%2FCBES_1055_76.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1055, Page 76
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ingean an ríogh go mí-ionraice, fuair an t-Albanach an íoc céadhna. Ina dhiaidh sin rinneadh bainis a mhair seacht noidhche agus seacht lá eile agus pósadh an t-Éireannach agus inghean an ríogh.
Samhain 1936 - Ceathrar mac Ríogh na hÉireann
Bhí rí i nÉirinn uair amháin agus bhí ceathrar mac aige. Ní raibh a dhath le deánamh ag na mic ach ag dul thart ach a’n lá a’ cathadh airgid go dtí go raibh an chuid is mó d’a cuid airgid a n-áthara caithte aca.
Dubhairt an fear a ba sine gur cheart dóbhtha imtheacht agus fiachail leis an airgead a chaith siad a dheánamh suas arais. Bhí siad uilig sásta seo a dheánamh agus d’imthigh an triúr aca.
Ní theachaidh siad i bhfad no go dtainic siad fhad le ceithre chrois-bhealach. Shuidh siad annseo seal tamaill a dheánamh a scriste(scíthiste) agus a bhreathnughadh uatha. Labhair an fear a ba sine leis an fear a b’óige agus ar seisean leis “gaibh thusa an bealach sin.” D’iarr sé ar an tríomhadh fear a dhul bealach eile; “gaibh thusa an bealach sin,” ar seisean leis an dara fear, “agus rachaidh mé fhéin an bealach deireannach.” “Anois,” ar seisean le n-a chuid dearbhatharach caithfidhmid a castal ar a chéile annseo i gcionn lae agus bliadhna, agus na deánadh fear ar bith agaibh fastódh mara bhfághaidh sibh fiche punt agus(continues on next page)- Informant
- Paidí Ac Cumhaill
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Bun an Bhaic, Co. Dhún na nGall