Scoil: Mín na Mánrach
- Suíomh:
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Niall ac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín na Mánrach
- XML Leathanach 207
- XML “An Bhean Ghlas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Shéid sí fídeog agus cha raibh a’n éan san aer nar chuinnigh chuicí agus nuair a bhí a dhinnéar deánta aige bhí (trua) tuighe ar an sgioból.
Bhí an tráthnóna fliuch ‘na dhiaidh sin agus bhí sé ag spáisteoracht thart roimhe an fháthach. D’fhiafruigh an fáthach an dtearn sé an gnóithe sin. dubhairt sé go dtearn.
Thainig an fáthach isteach toighe annsin agus chuir sé ceist ar an Bhean Ghlas cad chuige a raibh an braithlín amuigh ar an charraig sin thall. Dubhairt sise gur shíl sí gur sin an áit a raibh a chroidhe agus go bhfiuchfaidhe é
Dubhairt sé léithe nach sin an áit a raibh a chroidhe acht san chrann a bhí ag fás os coinne an dorais, go raibh reithe istoigh san chrann go raibh lach istoigh san reithe, agus go raibh uibh istoigh san lach agus go raibh a chroidhe istoigh san uibh. Cha raibh sé le marbhadh go muirbhfidhe a chroidhe.
Nuair a fuair siad an fáthach ar shiubhal ghearr siad an crann agus marbh siad an reithe agus an lach agus thug siad leo an uibh agus an mhéid saidhbhreas a thiocfadh leo agus d’imthigh siad.
Nuair a (fuair) bhí siad giota ar shiubhal d’iarr an Bhean Ghlas ar an bhuachaill amharc ‘na dhiaidh. D’amharc agus chonnaic sé cnapán ceo ag teacht ‘na dhiaidh. Fa chionn tamaill d’amharc sé arais agus chonnaic sé cnapán ceo ag teacht ‘na ndiaidh. D’iarr sí air an uibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gráinne Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Bríghid Ní Dhochartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall