Scoil: Mín na Mánrach

Suíomh:
Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Niall ac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 209

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1055, Leathanach 209

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Mánrach
  2. XML Leathanach 209
  3. XML “An Bhean Ghlas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Chaith sí amach grainnín cruithneachta, agus sgiob an coileach o’n chírc é. “Cha dtearn tú sin,” ars an chearc, “an lá cuireadh amach tú a chartughadh an bhoithigh; nuair a chuaidh mise amach le do dhinnéar bhí dhá oireadh istoigh agus bhí amuigh”
    Chaith Coilleach na gCearc grainnín eile chuca, agus agus sgiob an coileach o’n chírc é. “Cha dtearn tú sin,” ars an chearc, “an lá cuireadh amach thú a ghearradh na coilleadh, nuair a chuaidh mise amach le do dhinnéar cha raibh leagtha agat acht an dá chrann a ba lugha sa choillidh.”
    Chaith Coilleach na gCearc grainnín eile chuca agus sgiob an coileach o’n chírc é. “Cha dtearn tú sin,” ars an chearc, “an lá cuireadh amach thú a chur tuighe ar an sgioból; nuair a chuaidh mise amach le do dhinnéar cha raibh marbh agat acht an bhroinndhearg agus an dreolán.”
    Smaoitigh an buachaill annsin ar an Bhean Ghlas. Chuaidh sé amach agu thug sé isteach ina dhá lámh í. Pósadh an beirt aca. Rinne siad bainis, agus mhair an bhainis lá agus bliadhain, agus carbh’ fhearr an chead lá no an lá deireanach.
    Brígid Ní Dhochartaigh, Gaoth Dobhair a d’innis.
    Aois 68 bliadhan
    Gráinne Ní Ghallchobhair, Mín na Mánrach, Clochán Liath a scríobh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín na Manrach, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Dhochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    68
    Seoladh
    Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall