Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na hEireann gur tógadh amach ó na [ghealainn]? inghean Ríogh Chnoc an Óir.
Ní raibh fhios aige cá raibh sé ‘na shuidhe na n-a sheasamh ná bhí fhios aige nach mbéadh an Rí sásta. Nuair a chuaidh an scéal fhad leis an rígh bhí fearg mhór air agus d’órduigh sé Mac Ríogh na hÉireann a chur ‘un báis. D’iarr Mac an Ríogh ceithre lá dhéag de spás agus má bhí sí ar dhruim an domhain go bhfuigheadh sé í.
Fuair sé a athchuinge agus d’imthigh sé leis ar a tóraidheacht agus ní dheachaidh sé i bhfad gur casadh leomhan, mac-tíre, colamán, agus fígheadóir air agus iad ag troid fá bheathadhach mharbh. Scannruigh mac an Ríogh rompa ach fríd sin fhéin bhog sé leis.
Ní dheachaidh sé i bhfad gur scairteadh air. Rinn siad amach eatorra fhéin go dtabhairfeadh siad an beathadhach marbh do le rann eatorra nuair a bhí sé ag sárughadh orra fhéin sin a dheanamh. Phill sé agus roinn sé mar sé é - thug sé an croiceann dó’n mhac-tíre; na cnámha dó’n leomhan, an fheoil do’n cholamámn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall