Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach ar a’ pholl. Nuair a fuair sé é fhéin istigh rinn sé leomhan de fhéin agus bhí dhá oiread urraidh ann leis an leomhan a bhí istigh roimhe i dteach an iarainn.
Thoisigh an dís ar a chéile ach níor mhair an cath i bhfad. Mharbhuigh mac Ríogh na hÉireann an leomhan mór. Bhain sé an craiceann annsin de agus nuair a d’fhoscail sé é thug an colaman léim amach as. Chuaidh sé amach ar an poll a bhí ar rigín an toighe. Rinn mac an Ríogh colaman de fhéin agus suid amach an bealach céadna é. Lean sé an colaman ná go dtáinic sé ós cionn na fairrge.
Nuair a chonnaic an colaman a bhí istigh sa leomhan an colaman eile ag cur cruaidh air, bheir sé an uibh sa chaoi go rachadh sí go tóin na fairrge fá choinne an eochair a bheith sábhailte, ach bhí sí leis an colaman eile sul ar bhuail sí craiceann an uisce.
Thug sé ‘un talaimh annsin í agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 38
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall