Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 127
- XML “Triúr Mac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinic cat mór dubh isteach agus dhá ruball air. Thug sé léim suas ar an tábla agus chaith sé a raibh de bhiadh annsin anuas i lár an toighe (urláir.)
D'éirigh an fear agus dubhairt sé nach leigfeadh sé sin leis. Thoisigh an bheirt aca a throid ó cheann go ceann an toighe agus fá dheireadh bhuail an cat é agus mharbhuigh sé é. Go luath agus d'fhág an anál é thug an t-sean-chailleach leithe slat-draoidheachta agus rinn sí cnapán cloiche de corp an bhuachalla i lár an urláir.
Bhí an mhuinntir a d'fhág sé 'n-a dhiaidh sa bhaile ag éirighe imnidheach ná níor chualaidh siad iomrádh ar bith ar an bhuachaill ó d'fhág sé an baile.
I gcionn tamaill dubhairt an darna mac go raibh seisean ag imteacht go bhfeicfeadh sé an gcluinfeadh sé iomrádh ar bith ar a dhearbhrathair. D'iarr sé ar a mháthair lon bídh a dheanamh réidh do. Rinn sí dhá thuirtín réidh, tuirtín beag agus tuirtín mór.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Domhnall
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall