Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear draoidheachta ann uair amháin agus bhí sé 'n-a chomhnaidhe i gcaislean áluinn. Bhí an caislean deanta de chlocha deasa agus bhí ceann óir air. Bhí an fear seo ábalta é féin a athrughadh san dóigh go saoilfeadh gach duine gur fear bocht a bhí ann.
D'imtheóchadh se leis 'acha'n lá fríd an tír ag cuartughadh cailíní. Nuair a gheobhadh sé greim ortha chuireadh sé isteach anns an bhascóid a bhí ceangailte ar a dhruim iad agus ní raibh fhios ag duine ar bith caidé thárluigh daobhtha 'n-a dhiaidh sin.
Bhí fear 'n-a chomhnaidhe comhgarach dón chaislean agus bhí triúr de ingheanacha dóigheamhla aige agus bhí an triúr go h-iongantach maith do na bochta.
Lá amháin tháinic an fear draoidheachta seo go dtí an doras i riocht fir deirce agus scairt sé amach ós árd:
"Tabhair damh giota aráin ná tá mé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Séarlus Ó Dubhthaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall