Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar shiubhal ar son an chíosa.
“Tá sin fhéin dona go leor” ars’ an captaoin, “ach dá mbéithea ábalta innse damh-sa cá bhfuil a leithead seo de mnaoi ‘n-a comhnaidhe (a hainm niughadh), ná caidé ‘n dóigh a mbéinn ábalta an oidhche a chathadh ‘n-a cuideachta bheirfinn cúig phunnta duit fá choinne an chíosa”.
“Maise”, ar’ sise, “ní bhéidh móran moille orm tú a fhághail isteach i seomra na mná óige sin ná tá mo inghean-sa ar fastádh aici agus sé a fear sin a bhí mise a iarraidh, i láthair na huaire seo, go dtabhairfeadh sé an cíos damh, ach ní’l sé sa bhaile”.
“Ní’l, agus ní béidh anocht”, ars’ an captaoin ag toiseacht agus ag innse dithe fá na gealltaí agus ar’ seisean, “má thig leat mise a fhághail isteach ann a seomra go maidín sa dóigh go mbéidh mé ábalta comhartha éiginteacht a thabhairt chuig a fear ar maidín bheirfidh mé céad punnta duit ar maidín”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall