Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tamaill dubhradh go raibh a dúithche caillte ag an fhear a chur na gealltaí. Ach dubhairt an breitheamh nach raibh agus léigh sé amach an litir a scríobh sé i dteach na sean-mhná ar maidín, agus thug sé breitheamhnas go raibh an long agus a losta caillte ag an chaptaoin.
Nuair a tháinic siad amach as teach na cúirte tháinic an fear óg seo chuig an tiománaidhe agus dubhairt sé nach dtiocfadh leis é dhíol go deo. Sa deireadh nocht sí síos a brollach agus dubhairt sí “fán bomaite beag go bhfeicidh tú an pioctúir seo”, agus taisbean sí do pioctúir na luchóige a bhí ar a brollach.
D’aithin sé annsin go raibh a bhean fhéin ag cuideadh leis agus má bhí lúthghair air roimhe sin bhí a dhá oiread lúthghaire air nuair a bhí a bhean fhéin aige. Thug sé leis na bhaile í agus bhí dóigh mhaith ortha ó sin amach.- Bailitheoir
- Pádraic Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall