Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 181
- XML “An Gadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lá sin. D'fhoscail sé an uaigh agus thóg sé aníos an corp. Nuair a bhí sin deanta aige, ghread leis go teach an duine uasail agus an corp leis. Chuaidh sé suas i mullach an toighe le dréimire agus leig sé an corp síos an simlear le rópa.
An oidhche sin ag gabhail a luighe do'n duine uasal, thug se leis an gunna agus lódail sé é. Bhí fhios aige annsin dá dtiocfadh Billí anuas an simlear go mbéadh an gunna ag a thaoibh agus go scaoilfeadh sé é.
Leig Billí an corp síos an simlear go faithcheallach agus nuair a chonnaic an fear an corp shaoil sé gur Billí a bhí ann agus scaoil sé an t-urchar. Go luath agus chualaidh Billí an t-urchar ag imtheacht leig sé do'n corp tuitim ar an urlár.
Dubhairt an fear annsin le n-a mhnaoi go gcaithfeadh sé ghabhail amach agus an corp a chur i n-áit chúlta éiginteacht ach go gcaithfeadh sé leigint do fuaradh ar tús. Thuit se 'n-a chodladh araist.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Prionnsias Mac Páidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall