Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 203
- XML “Beirt Iníonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhaint na sméar agus ní raibh i bhfad go raibh an soitheach a bhí leithe lán aici. Thug sí buidheachas do na fir bheaga agus d'imigh sí leithe 'n-a bhaile.
Nuair a d'imigh sí chuir fear aca ceist caidé an pronntanas a bhearfadh siad dithe. Dubhairt an chead fhear, gur b'é an pronntanas a bhearfadh seisean dithe í a bheith níos doigheamhla indiu ná bhí sí indé. Dubhairt an dara fear, í a bheith pósta ar an fhear a ba saidhbire ar an domhan. Dubhairt an tríomhadh fear, saoghal fada sona a bheith aici, agus gan tinneas ar bith uirri fhad agus bheadh sí beo.
Shroich sí an baile agus na sméara dubha leithe agus chonnaic an leas-mháthair go raibh sí níos dóigheamhla agus teacht dithe ná bhí sí ag imhteacht dithe agus i gcionn tamaill smaointigh sí go gcuirfeadh sí a inghean féin ar siubhal a chruinniughadh sméar agus go mb'fheirir go n-éireóchadh sí dóigheamhail fosta. Chuir sí culaidh mhaith bhainín uirri, thug giota mór aráin dithe agus d'imigh sí leithe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall