Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 203

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 203

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 203
  3. XML “Beirt Iníonach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhaint na sméar agus ní raibh i bhfad go raibh an soitheach a bhí leithe lán aici. Thug sí buidheachas do na fir bheaga agus d'imigh sí leithe 'n-a bhaile.
    Nuair a d'imigh sí chuir fear aca ceist caidé an pronntanas a bhearfadh siad dithe. Dubhairt an chead fhear, gur b'é an pronntanas a bhearfadh seisean dithe í a bheith níos doigheamhla indiu ná bhí sí indé. Dubhairt an dara fear, í a bheith pósta ar an fhear a ba saidhbire ar an domhan. Dubhairt an tríomhadh fear, saoghal fada sona a bheith aici, agus gan tinneas ar bith uirri fhad agus bheadh sí beo.
    Shroich sí an baile agus na sméara dubha leithe agus chonnaic an leas-mháthair go raibh sí níos dóigheamhla agus teacht dithe ná bhí sí ag imhteacht dithe agus i gcionn tamaill smaointigh sí go gcuirfeadh sí a inghean féin ar siubhal a chruinniughadh sméar agus go mb'fheirir go n-éireóchadh sí dóigheamhail fosta. Chuir sí culaidh mhaith bhainín uirri, thug giota mór aráin dithe agus d'imigh sí leithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0510: Cinderella and Cap o' Rushes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Róise Ní Dhubhthaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    62
    Seoladh
    Anagaire, Co. Dhún na nGall