Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 205
- XML “Beirt Iníonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí sí inde. Dubhairt an dara fear gur b'é an pronntanas a bhearfadh seisean dithe feasóg a bheith uirri comh fada le meagal gabhair. Dubhairt an tríomhadh fear gur b'é an pronntanas a bhearfadh seisean dithe, saoghal goirid anróidteach a bheith aici agus í bás tobann a fhághail.
Nuair a shroich sí an baile gan sméara ar bith leithe chonnaic a máthair go raibh sí níos míochmhaire ag teacht dithe ná bhí sí ag imtheacht dithe. Bhí sí ag éirigh níos míochmhaire achán lá 'na dhiadh sin.
Chuaidh na bliadhanta thart agus d'fhás Máire suas 'n-a cailín dheas dhóigheamhail. Nuair a bhí si bliadhain agus fiche de aois, tháinic fear sáidhbir as an domhan thoir agus phós sé í, agus bhí doigh mhaith uirri ',n-a dhiadh sin.
Inghean na baintreabhaige bhí sí ag éirigh níos míochmhaire ó lá go la agus d'fhás feasóg uirri. Thuit gach rud amach mar dubhairt na fir a bhí sa teach bheag. B'éigin don mháthair í chongbhailt i bhfolach agus ní thiocfadh leithe í a leigint amach ar an doras ar eagla go bhfeicfidhe í.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Róise Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall