Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 219
- XML “An Tarbh Beag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)spreaghadh ar an talamh. Rinne an gasúr mar h-iarradh air agus nuair a bhí an t-éadach spréidhte aige tháinic fear beag amach as an bhosca agus culaidh gheal air agus chumhdaigh sé an t-éadach le gach uile chineál bídh a b’fhearr ná a chéile. Rinn an gasúr a chuid go maith. Thiocfadh an tarbh beag chuige gach lá agus bhí dóigh mhaith ar an ghasúr.
I gcionn tamaill thug an leas-mháthair fá dear go raibh an gasúr ag biseadh i n-áitba bheith ag meith agus bhí iongantas mór uirri. Dar leithe go gcuirfeadh sí amach a inghean go bhfeicfeadh sÍ caidé bhí an gasúr a fhághail le hithe. Chuir sí amach í.
Ar maidin an lae sin tháinic an tarbh beag chuig an ghasúr agus dubhairt sé leis go raibh Inghean na leas-mháthra amuigh ag coiméadh go bhfeicfeadh sí caidé mar bhí an gasúr ag fághail a chodach.
‘Ach ‘ar’ seisean, ‘abair thusa, ‘codluigh súil, codluigh dhá shúil agus cuirfidh an ina codladh’(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraic Mac Páidín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Pháidín
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall