Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí i nÉirinn fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Uair amháin tháinic taom tinnis ar an rígh agus ní raibh gach ar bith ábalta biseach a dheanamh de. Scairt sé i láthair ar a thriúr mac agus dubhairt sé leo go raibh fhios aige fhéin caidé dheanfadh biseach de. D'innis sé daobhtha gur ubhlaí a bhí ann a leithid seo d'áit, agus go gcaithfeadh siad imtheacht agus na h-ubhlaí a thabhairt chuige.
Thug siad leobhtha biadh agus málaí agus d'imthigh siad a chuartughadh na n-ubhall. Nuair a bhí siad tamall maith ag siubhal tháinic siad go dtí crais-bhealach. Seasuigh siad annsin agus dubhairt siad go rachadh beirt aca bealach daobhtha fhéin agus an fear eile a ghabhail bealach do fhéin, agus dubhairt siad go dtiocfadh siad i gcionn a chéile arais ag an chrais-bhealach chéadna i gcionn lae agus bliadna. Dubhairt an fear a b'óige go rachadh seisean bealach do fhéin agus bhí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall