Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dubhairt an sean-dhuine nach raibh fhios aige-san gach ar bith fá na hubhlaí céadna ach go raibh dearbhrathair aige a bhí céad bliadhain níos sine na eisean agus go mb'fhéidir go n-innseochadh seisean do caidé mar thiocfaidh na h-ubhlaí a fhághail.
Ar maidín lá thar na bharach, d'éirigh sé le scairt a' choiligh, d'fhág slan ag an t-sean-duine agus siubhail leis. Nuair a bhí tamalt maith siubhalta aige, casadh cró beag toighe de agus chuaidh sé isteach an agus cé bhí 'na shuidhe sa chlúdaigh ach dearbhrathair an t-sean-dhuine a raibh sé ar ceathramhain aige an oidhche roimhe sin.
Chuir sé céad míle fáilte roimh mhac ríogh na hÉireann, d'iarr air suidhe 'n-aice na teineadh agus a chomhrádh a dheanam. D'fhan an buachaill aige go maidín agus chaith an dís an oidhche ag scéalaidheacht agus fá dheireadh chuir an buachaill ceist air an raibh fhios aige dadaidh fá na h-ubhlaí agus d'innis sé an scéal uilig do.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall