Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 49
- XML “Liam na Sopóige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Liam na SopóigeBhí gabha ' na chomhnaidhe i n Éirinn fad ó soin darb' ainm Liam. Ní raibh aige ach é féin. Ní raibh de sháidhbhreas aige ach cathaoir, crann ubhall, bosca adhmaid agus an cheardhcha. Bhí sé iongantach tugtha don ól. Lá amháin bhí sé ag gabhail thart le teach tabhairne agus dar leis gur dheas an rud gloine biotailte ach ní raibh oiread agus pighinn ruadh aige."Ach" ar seisean, "níl a dhíth orm ach scilling amháin agus dhíolfainn mé fhéin leis an diabhal dá dtabhairfeadh sé scilling amháin domh a gheobhadh gloine uisce bheatha domh a fliuchadh mo bhéal."D'amharc sé thart ar an talamh agus chonnaic sé scilling 'na luighe ag n-a thaoibh. Chuaidh sé isteach agus cheannuigh sé gloine uisce bheatha.Chuaidh sé 'na bhaile annsin agus cé bhí istoigh roimhe ach Naomh Peadar agus capall leis le cruitheacha a fhágháil air. Thoisigh an gabha agus ní raibh sé bhfad ná ghearr go raibh na cruitheacha ar an chapall aige.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall