Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 51
- XML “Liam na Sopóige”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bain ubhall domh-sa agus ceann duit fhéin a bheas muid a ithe romhainn."Amach leis an diabhal fá choinne na n-ubhall agus go luath agus leag sé a lámh ar cheann de na h-ubhlaibh ceapadh é agus ní raibh sé ábalta bogadh."Anois," arsa Liam, "béidh tú annsin go scaoilidh mise thú agus beidh sin tamall maith.""Má scaoileann tú mé," arsa an t-óganach, "ní thiocfaidh mé fá do choinne go cionn fiche bliadhain." I gcionn fiche bliadhain tháinic an diabhal arais."Cinnte," ar' seisean, "béidh tú liom an iarraidh seo.""Suidh ar an chathaoir sin go raibh mo dhinnear deanta agam," arsa Liam.Shuidh an diabhal ar an chathaoir agus nuair a bhí Liam réidh dúbhairt sé leis an diabhal "Siubhal leat anois." Thug an diabal iarraidh éirghe ach bhí sé gaibhte."Caithfidh tú fanacht anois go scaoilidh mise thú," arsa Liam, "agus béidh fanacht fada ort."(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Niall Ó Domhnaill
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall