Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 51

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 51

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 51
  3. XML “Liam na Sopóige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus bain ubhall domh-sa agus ceann duit fhéin a bheas muid a ithe romhainn."
    Amach leis an diabhal fá choinne na n-ubhall agus go luath agus leag sé a lámh ar cheann de na h-ubhlaibh ceapadh é agus ní raibh sé ábalta bogadh.
    "Anois," arsa Liam, "béidh tú annsin go scaoilidh mise thú agus beidh sin tamall maith."
    "Má scaoileann tú mé," arsa an t-óganach, "ní thiocfaidh mé fá do choinne go cionn fiche bliadhain." I gcionn fiche bliadhain tháinic an diabhal arais.
    "Cinnte," ar' seisean, "béidh tú liom an iarraidh seo."
    "Suidh ar an chathaoir sin go raibh mo dhinnear deanta agam," arsa Liam.
    Shuidh an diabhal ar an chathaoir agus nuair a bhí Liam réidh dúbhairt sé leis an diabhal "Siubhal leat anois." Thug an diabal iarraidh éirghe ach bhí sé gaibhte.
    "Caithfidh tú fanacht anois go scaoilidh mise thú," arsa Liam, "agus béidh fanacht fada ort."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Liam na Sop (~74)
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Niall Ó Domhnaill
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    82
    Seoladh
    Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall