Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 62
- XML “An Cat Breac”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé bolta ar an doras. Rinn rí na gcat gáire mór annsin agus rinn na cait uilig gáire.
"Strocaigidh agus stiallaigidh" arsa rí na gcat.
"Ní hé ach cardailigidh" ars an pisín breac.
Thoisigh na cait uilig a chardáil go dtí go raibh iomlán na h-olna cardáilte aca. Dubhairt rí na gcat an rud céadna arais. D'iarr an pisín breac ortha toiseacht a shníomh. Thoisigh siad a shníomh annsin gur shníomh siad deireadh.
Nuair a bhí an sníomhachán críochnuighthe d'éirigh rí na gcat agus bhain sé na boltaí de'n doras. D'imthigh an cailín óg í féin agus an pisín na bhaile.
Bhí iongantas mór ar an leas-mháthair agus d'imthigh sí chuig Cailleach na gCearc arais. D'iarr sí uirri rud éiginteacht a innse dithe a thiocfadh leithe a dheanamh leis an ghiorsach a chur un báis.
D'iarr an Chailleach uirri í a chur amach go dtí srúthan a bhí míle ar shiubhal ón teach agus tuar éadaigh a nighe. Thug an leas-mháthair...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Anna Ní Dhomhnaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Maoileagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall