Scoil: Rann na Feirsde

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Domhnall Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 71

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 71

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 71
  3. XML “Scarann Bochtaineacht Cuideachta Mhaith ó Chéile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    teach na dála bhí an garrandóir istigh rompa agus d’innis bean aca do go raibh stráinsear ar shiubhal síos ‘un toighe. “Agus bhí gleas leis”, ar sise fá choinne é shábhail ar an fhearthainn agus bá an t-ainm a thug sé air - Scarann Boichtíneacht cuideachta mhaith ó cheile”.
    “Sin ainm saoidheamhail”, ars’an garrandóir. Bhí inghean an duine uasail ag éisteacht leis an chomhrádh agus níor leig sí dadaidh uirri. Nuair a chualaidh sí an t-ainm a bhí ar an ghleas úr a bhí leis an strainsear smointigh sí ar mhac an garrantóra agus an focal deireannach a dubhairt sí leithe ocht mbliadna déag roimhe sin.
    Shiubhal sí leithe anonn go teach an gharrandóra agus chuir ceist ar bhean an toighe an dtáinic stráinsear ar bith chuici an oidhche sin, agus dubhairt sise go dtáinic.
    “Ba’ mhaith liom-sa é fheiceal”, ars’an cailín óg.
    “Bhal, tá sé ‘n-a luighe”, arsa bean an toighe.
    “Ce’n seomra a bhfuil sé ‘n-a luighe ann?” ars’an cailín óg.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Bhaoighill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Mícheal Ó Baoighill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    38
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall