Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 75
- XML “Mac Rí na hÉireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhóir a bhí ann agus níor mhothuigh sé gur sciord fear beag ribeach ruadh amach roimhe. Chuir an fear seo ceist air cá raibh sé ag gabhail. D'innis sé do.
"An bhfuil dochar mise a bheith leat,"? ars' an fear ribeach ruadh.
Dubhairt mac an ríogh nach raibh agus siubhal an dís leo. Nuair a bhí neóin bheag deireadh an lae ann chonnaic an bheirt solas i bhfad uatha agus tharraing siad air. Nuair a chuaidh siad isteach bhí sean-bhean mór 'n-a luighe sa chlúdaigh. D'éirigh sí agus chuir sé céad míle fáilte roimh mhac ríogh na hEireann ann a ainm agus ann a shloinneadh ach níor labhair sí leis an fhear bheag ribeach ruadh.
Rinne sí réidh suipear daobhtha agus nuair a bhí an suipear ithte aca dubhairt sí go gcaithfeadh mac an ríogh an chéad scéal a innse. Labhair an fear beag ribeach ruadh agus dubhairt sé gur ar bhean an toighe an chead scéal a innse.
"Bhal," ar' sise, "ta seoid bheag agam-sa."
"Caidé 'n t-seoid í?" ars' an fear beag ribeach ruadh.
D'éirigh sí 'n-a seasamh agus thug sí aniar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Crosain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall