Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 83
- XML “Mac Rí na hÉireann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cois agus chaith sí amach as an leabaidh é, agus ní raibh ann ach nár mharbhuigh sí é. Thug an fear beag ribeach ruadh air a ghabhail isteach arais. Rinn sí an cleas céadna leis an dara hoidhche.
Nuair a chonnaic an fear beag ribeach ruadh caidé mar bhí thug sé comhairle do mac an ríogh, dó gcaithfeadh sí as an leabaidh arais é an t-éadach a bheith leis. An tríomhadh h-oidhche chaith sí amach arais é agus bhí an t-éadach leis mar h-iarradh air. Bhí trí slatacha cuilinn bainte ag an fhear beag ruadh fá n-a coinne agus nuair a fuair sé an t-éadach leabtha le mac an ríogh thoisigh sé uirri leis na slatacha cuilinn gur bhain sé fuil aistí.
Annsin bhí na geasa briste agus níor bhain sí níos mó do. Ar maidín lá-thar-na-bharach ghleas an triúr iad féin agus thug an n-aghaidh ar chaislean ríogh na hÉireann. Ar an bhealach na bhaile chuir an fear beag ribeach ruadh na claigne ar na sean-mhrá arais agus d'fág a seoid fhein ag gach mnaoi aca.
Nuair a tháinic siad go dtí corradh an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Crosain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinnsias Mac Grianna
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall