Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 86](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_86.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1064, Leathanach 86
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na héisc iad fhéin isteach. Ní raibh sé i bhfad ar an obair sin gur éirigh sé go saidhbhir agus nach raibh fhios caidé ‘n saidhbhreas a bhí aige.
Sa deireadh, rugadh mac óg do mhnaoi an iascaire agus nuair a d’éirigh sé mór ní rachadh sé i chomhair na fairrge ar chor a’ bith. Rachadh sé, i gcomhnaidhe, amach fá na cnuic a sheilg.
Lá amháin nuair a bhí sé amuigh ag fiadach chonnaic sé mac-tíre, cú agus seabhac agus iad ag troid fá ghiota feola a bhí aca. Chuaidh sé agus rann sé an fheoil na trí cuideanna eatorra agus thug a chuid fhéin do gach ceann aca.
Annsin d’fhág an mac-tíre trí ghaisteacht mac-tíre agus tri ghaiscidheacht mac-tíre aige. D’fhág an cu trí ghaisteacht con agus tri ghaiscidheacht con aige agus d’fhág an seabhach trí ghaisteacht seabhaic agus trí gaiscidheacht seabhaic aige.
Tamall gearr ‘n-a dhiaidh sin nuair a bhí sé amuigh ag fiadhach chonnaic sé girrfhiadh bán. Rinn sé cú de fhéin agus lean sé é go dtí go deachaidh sé amach san fhairrge. Léim an girrfhiadh suas agus rinn maighdean mhara do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Chrosáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Ní Grianna
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 79
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall