School: Rann na Feirsde (roll number 15927)
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Pádraig Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 41
- XML “An Fíodóir agus a Bhean”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a chur in áirde ar an teach. Nuair a chuaidh an figheadóir fhad leo d'fhiafruigh sé daobhtha caidé a bhí siad a dhéanamh. Dubhairt siad go rabh féar mór fada anáirde ar mhullach an toighe agus "tá muid ag iarraidh an bhó a chur suas go n-ithidh sí é". D'iarr an fear ortha corrán a thabhairt dó agus go mbainfeadh sé an féar. Chuaidh sé i n-áirde ar an teach agus bhain sé an féar. Chaith sé anuas chuca é. Dubhairt na mná nach smaointeóchadh siad ar sin a choidhche.
Shiubhail sé leis agus thainic sé fhad le teach eile. Bhí scaifte ban óg ag gach ceann de'n teach ag iarraidh an teach a tionntughadh thart. D'fhiafruigh siad daobhtha caidé bhí siad a dheanamh. Dubhairt siad go rabh an ghaoth ins an doras agus go raibh siad ag iarraidh an teach a thionntughadh thart. Chuir an fear ceist an rabh dhá dhoras ar an teach agus dubhairt siad-san go rabh. D'iarr sé ortha an doras eile a fhoscladh. D'fhoscail siad an doras eile agus thug siad buidheachas mór do'n fear. Dubhairt bean de na mnáibh nach smaointeochadh siad féin a choidche ar sin a dheanamh.
D'imthigh an fear na bhaile agus é ag gáiridhe. Nuair a chuaidh sé na bhaile dubhairt sé gur iomdha bean a bhí comh h-amaideach le na bhean fhéin.- Informant
- Nuala Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 79
- Address
- Doire na Mainséar, Co. Dhún na nGall