Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)

Suíomh:
Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eoghan Mac Pháidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1066, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bun an Inbhir
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d’fág se san bhaile é. Annsin tug sé leis mhac Mhaoil Mhuire agus chroc sé é do bheinn agus a chuid chos máirde. Níor tugadh ainim ar bith ar an áit sin ó shoin ach Cadach-na-Croice.
    Chuaidh Maol Muire a cuartughadh a mhic ar maidín. Chuir sé a bhata faoí na asgal agus cuir sé air culait fir boicht agus dimthigh se go Góla. Ach bhí Feidhlimid ró gasta aige agus bí ar siubhal ar siubal í mbád. Nuair a bhí sé giota ar siubal sgairt sé amach. “A giolla bhoicht da mbeidhinn astuigh agat cuirfinn deirce in do mhala”
    D’atháin Maol Muire é agus dubhairt sé. Dá mbéidhinnse amuig agatsa chuirfinn déirce in do mhala-sa le mo sgian. Thug Maol leis a bhád arís agus pill Thug sé go Toraige Cupla bliadhain na dhiaidh sin rinne Maol caisléain í gCloc-Ceann-Fhaolaidh agus comhnaidh sé fhéin ann go dtí go bfuair sé bás.
    Cuir sé sgeala chuig Feidhlimid lé é a chur. Ach dit na préachain é sul ar cuireadh é. Fuair mé an sgeal seo ó Conall Mac Pháidín.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ua Fearraide
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Ghlaisigh, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Conall Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann