Scoil: Bun an Inbhir (uimhir rolla 5166)
- Suíomh:
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun an Inbhir
- XML Leathanach 80
- XML “Urnaíocha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ins an phurt, na leig m'anam thart. Is mór mó eagla roimhe do Mhac. I gcumann na Naomh go rabh mé, ag éisteacht le guth na n-aingeal agus a moladh Mhic Dé, tre shaoghal na saoghal Ámén.Sean urnaigh 26-1-38
Chuaidh mé anonn an talamh naomhtha, agus casadh orm an Mhaighdean Mhuire. Seacht leabhar urnaigh ann a laimh, seacht gcoinnle le na taobh, seacht sagart ag ceol, ag iarraidh geaftaí na bhflaithis a fhosgladh, agus geaftaí ifrionn a dhruid. Má déirim sin trí h-uaire gach lá, chan fhagham bás í bpeacadh marbhtha.Sean urnaigh 31-1-38
Muire, agus a Mac, Brighid, agus a brat. Aingle Dílse Dé, beidhidh ar gcoimhead, na scarigidh linn. Soillsigh orainn, cumhdaigh muid, anois, agus ar uair ár mbáis. Ámén.Sean urnaigh 1-2-1938
A Dhia is mé an creatúr lag, faoí ualach throm. A méad mó pheacaidh, is aithreach liom, aduighim Dia as dochas fíor, í chóir ná croiche. Guidhim suas chuig Íosa Críost, ár dtighearna. Ámén.- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Chuireáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 73
- Seoladh
- Bun an Inbhir, Co. Dhún na nGall