Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)

Suíomh:
Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seosamh Ó Gallchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc an Stolaire
  2. XML Leathanach 009
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Fad ó shoin bhí gabha 'na chomhnuidhe suas i mbárr ghaoth barra. Ní raibh aige ach é féin agus a mhathair, bhí an mhathair ag eirghe aosta agus d'iarr sí air a ghabhail amach agus bean a phósadh.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    nach dtiocfadh leatsa sin a dheanamh.
    Thoisigh an gasúr a mheasgadh agus nuair a bhí sé tamall ag measgadh thóg aníos an ceann amach as an phota agus chuir arís ar an gcailín é. D'éirigh sí aniar slán follain.
    Anois dubhairt sí leis an ghabha caithfidh tú mé phósadh. Ní phósaidh arsan gabha no tá bean agam fhein.
    Nuair nach bposadh sé í thug mag dhuibhir mala óir dó agus capall breagh laidir leis an ór a iompar na bhaile.
    D'imthigh an gabha, an capall agus an tór, nuair a bhí sé ag dul trasna ar abhainn taobh thuas de na Gleannataí (Tír Chonaill) thainig an gasúr aníos leis agus dubhairt Anois an dtabharfaidh tú damh luach na mbróg. Bheirfidh mé duit an mala uilig agus an capall le é iompar na bhaile. Ní a dhioghbhail orm ach luach na mbróg. Fuair sé sin agus d'imthigh as amharc.
    Nuair a d'amharc an gabha thart goide icí sé ag tarraingt air anuas an abhainn ach an dá bheathach eile a chaill sé agus a gcuid óir ar a muin.
    D'imthigh sé leis na bhaile annsin bhí luthghair mór ar a mhuinntir roimhe agus bhí suipear aca a mhair seacht lá agus seacht n-oidhche agus bhí an oidhche dheireanach níos fearr no an cead oidhche.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0753: Christ and the Smith
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Aodh Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall