Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 012
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear 7 bean ann fad o shoin 7 bhí mac aca air bh'ainm do Tarlach. Duine gan radh abhí i dTarlach.”
(ar lean ón leathanach roimhe)mhéad atá le fághail aige"? arsa Tarlach. Cúig phunta arsa'n fhear eile. Shín Tarlach nóta cúig phunta anonn chuige agus d'iarr air na fiacha a dhíol. Rinneadh amhlaidh agus cuireadh an chorp.
D'imthigh Tarlach leis amach as an roilig agus shiubhal leis gur casadh buachail caol ruadh air. "Ca bhfuil tú a' dul"? arsa'n buachaill caol ruadh le Tarlach. D'innis Tarlach do gur cuireadh as baile é agus nar mhiste leis ca rachadh sé. "Bhal! An ndeanfaidh tú mise a fhástodh"? arsa'n buachaill caol ruadh. "Dheanfainn agus fáilte" arsa Tarlach "ach níl aon leath-phighinn agam le tú dhíol. "Na bac le sin" arsa'n buachaill. "Rachaidh mé leat".
Shiubhal siad leo gur casadh fear eile ortha a raibh sop cochain ina ghaothsan aige. "Goide'n cineal duine thusa"? arsa an buachaill caol ruadh. "Cha dtainig a dhath romamsa ariamh" arsa an fear leo, "nach séidfainn le mo ghaothsan". "Dheanfaidh muid é fhástódh" arsa'n buachaill ruadh. "Tá muid féin go leór ann" arsa Tarlach. "Na bac le sin" arsa'n buachaill ruadh agus d'imthigh siad leo a' siubhal arís.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Machaire Chlochair, Co. Dhún na nGall