Scoil: Cnoc an Stolaire (uimhir rolla 4740)
- Suíomh:
- Cnoc an Stollaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seosamh Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc an Stolaire
- XML Leathanach 131
- XML “Rí Fraoich”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'tabhairfheadh sé. Chuir sí ceist air cé as é no c'én t' ainm a bhí ar a áthair agus d' úbhairt seisean "Is Éirinn mé agus rí fraoch is ainm do m'áthair, Ó arsa'n cailín rí fraoch is ainm dó m' áthair fosta agus tá sé na rí ar Alba agus ar shasainn agus ní thíg innse a shaibhreas. Thug an cailín óg isteach in siopa é chuir cualaith ghalanta éadáigh air agus shíl sí nach rabh duine ar bíth ar dhruim an domhan cosamhal leis. Thug sí isteach go d' tí an teach s' aicí fhéin é agus dúbhairt leis súidhe síos go bhfeicfeadh sí a h' áthair. Dinnis sí d'ón áthair f'an dóigh ar casadh uirthí é, agus gur rí fraoch a b' ainm d'ón athair agus go rabh sé an saidhbhir. Maith go leór arsa an rí seól isteach chugam é. Thainig an fear óg isteach agus chaith sé fhéin agus an rí t' amalt fada ag cómhradh D'innis sé d'ón rí go rabh caislean galanta aca san bhaile, go rabh geaftaí óir thart air nach bhfachthas(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Ní g Cionnlaoi
- Inscne
- Baineann