Scoil: Gort an Choirce (uimhir rolla 11815)
- Suíomh:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Giolla Easbuic
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gort an Choirce
- XML Leathanach 236
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)intinn le rud éigin a dhéanamh ar an bhean agus seo an rud a rinne sé. Chuaidh sé amach agus ghuidhe sé Día leis na sídheogai uilig í a leanstan nuair a gheobhadh siad amuigh í. Phill seisean isteach annsin nuair a mheas sé a sháith a bheith ráidhte aicí-se agus shuidh sé síos ag cois na teineadh. Rinne an bhean réidh agus d'imthigh sí 'un t-siopa ar an deich a chlog san oidhche. Nuair a bhí sí ar an taoibh amuigh de'n doras thoisigh an seanduine a bhí astoigh ar gach aon sgread agus búirfe. Bhuail eagla ise agus phill sí isteach arais agus fuair sí an seanduine casta chathte astoigh sa teine ar mhullach a chinn ag na taidhbhsi beaga. Comh luath géar a's tháinig sí isteach chuir an t-sean-bhean ceist air caidé a tháinig air. Ní thabhairfeadh sé isteach go rabh rud ar bith ciotach leis. D'imthigh sise arais annsin agus ma d'imthigh bhi seisean ag fághail cuachadh bocht ó na taidhbsí gur phill sí. Thug siad an seanduine leó ar ghreim ruball amach ar an doras.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tomás Mac Fhlaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Ulta, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán O Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cill Ulta, Co. Dhún na nGall