Scoil: Mín Doire (uimhir rolla 16151)
- Suíomh:
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Mín Doire
- XML Leathanach 329
- XML “Cailísí Óir i bhFolach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rannpháirteach ag iobairt an Aifrinn leis sin fhéin thug an fear faire séid amháin dó'n adharc. Comhartha é sin go raibh an námhaid ar amharc agus go raibh an tam ag an phobal a bheith ag scabadh. Croiceann searruigh a bhí ag an sagart ina n-iompcharadh sé na cailísi a bhí inúsaid aige. Chomh luath is chuala sé an adharc a shéideadh "i bhfad uainn an urchóid" ar seisean agus shín sé an beart i e an croiceann searraigh agus an t-ualtach naomhtha a bhí cuachta istoigh ann chuig duine de'n phobal agus diarr air iad a fholachadh go rachadh an dainnseár thart. Chuir an sagart air an téadach tíre arís ndhiaidh a bheannt[?] a thabhairt don phobal agus d'imthigh ar a bheach Stealladh cos ináirde. Chuartaigh an fear thart ( duine de cloinn c Suibhne a bhí ann) agus chuir i leat-taoibh na cailisí. Ní raibh an gnoithe deánta i gceart aige nuair a bhí na Gaill ag na thaobh. Tugadh íde bocht dó cionnus nach n-innseochadh sé aon eolas mar gheall(leanann ar an chéad leathanach eile)