Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 2
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Frg. - Roilig
(12) Théid sé anonn ar ran dan, theid sé anall ar ran dan, agus líonadh sé a bholg ar ran dan. Frg.-eitéan túirne
(13) Dhá chois ar talamh, trí cosa as a chionn, a chionn in a thóin agus a thóin as a cheann. Frg.- Fear agus póta ar a cheann
(14) Toit sa ghleann agus gan teine ar bith ann. Frg.- Ceo
(15) Sgaifte caoirigh geala thuas, sgaifte caoirigh geala ibhfus, agus caora dhearg in a lár Frg.- do chár agus do theangaidh
(16) Teachtaire beag ó theach go teach agus bíonn sé amuigh san oidhche. Frg. - Bothar
(17) Meig, meig ar an taobh amuigh de'n chlaidhe. Meig, meig ar an taobh istigh de'n chlaidhe. Ma bhaineann tusa le meig, meig, bainfidh an meig, meig leat. Frg.-cúl fáith (neanntóg)
(18) Cé'n mhí is lúgha a gní mná cainnt Frg.-I mí Feabhra
(19) Corcán óir lán de fheoil bheo. Frg.-Mearcán
(20) Siud thall ort é, ní trom leat é. Ní ball de do chuid éadaigh é. A's tá sé ort na dhiaidh sin . Frg.- d'ainm
(21) Caidé shiubhalfas agus a cheannsa talamh aigeFrg.- tairngí bonnaí bróg
(22) Caidé thig leis an chearc dhubh a dheanamh(leanann ar an chéad leathanach eile)