Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 3
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ná dtig leis an chearc bhan a dheanamh Frg.-Thig leis an chearc dhubh uibh bhán a bhreith agus ní thig leis an chearc bhán uibh dhubh a bhreith
(23) Cad chuige an n-amharcann an gréasuidhe isteach san bhróig Frg. Mar ná dtig leis fhéin a ghabhail isteach inntí
(24) "Uagaí agaí isteach sa chlaidhe" "Uagaí agaí amach as an chlaidhe" ma bhaineann tusa le uagaí agaí bainfidh uagaí agaí leat:- Frg. - beathóg(25) Cuirfidh tú a bainfidh tú é agus ní fhasann sé Frg. - glas
(26) Cá mhéad cos ar ucht muilt Frg. - Dhá chois
(27) Siud fríd an fhairrge é, ailleagán na gréine., fear a's cóta gorm air agus snáithe dearg in a léinidh= : Frg.-Tuar Cheatha
(28) Teachtaire maith gan siubhal gan rith=: Frg.=litir
(29) Rud san chlúdaigh agus dhá chéad súile aige.= Frg.-Criathar
(30) Molt dubh idir dhá chnoc, nuair a bhógfas an molt bógfaidh an dá chnoc= Frg -Asal agus péire feaghnogaí
(31) M'athair mór i gcúl an chorfá agus dhá chéad cóta air=: Frg.- Croidhe cáil = gas Cábaiste
(32) téidh. sé isteach dubh agus thig sé amach bán=: Frg. Luaith
(33) Sgaifte caoirigh dubha amuigh annsin dhearg an a lár Frg. -Tuar Cheatha
(34) Muc dubh sa tóin fliuch=: Frg.= phóta(leanann ar an chéad leathanach eile)