Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 4
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(35) Caidé a bhí ann sul ar rugadh ar Slánuightheoir agus nach bhfuil acht mí go fóill=: Frg. -Gealach
(36) Tá sé i bhfuis agus tá sé thall agus tá sé ag Brián ar a chuid; tá sé thríd an t-saile liath a's gan é, nil blas ar uibh=: Frg.- salann
(37) Cnap sáile fá bhun coille=. Frg. - silidhe
(38) Baraille ar an tráigh agus a dhá cheann druidthe= Frg.- Uibh
(39) Cá mhéad ruball bó a rachas ó seo go dtí'n ghealach =. Fg.- Ceann amháin dá mbeadh sé fada go leor
(40) Caidé'n rud is úsaidíghe sa teach agus nach fiú trí leithphighní = : frg. - Diosglad
(41) Cá mhéad ruic i gcac muice= : Frg.- ceann amháin
(42) Caidé a chaithfeas an fear bocht uaidh agus chuirfidh an fear saidhbhir an a phóca é = Frg.-saileog/sileog
(43) Caidé'n t-ultach is troma ag duine le h-iomchar = : Frg.- Ultach falsáchta
(44) Rud amuigh annsin agus culaith dé na cuid fhéin uirthí-: Frg. - Cruach chótháin
(45) Seanbhean sa choillidh agus árd a glór púisin iarainn agus fiacail chruinn ann = :Frg.Gúnna mór
(46) Caidé'n an taoibh de'n bheathadhach a rachfá suas=: Frg.- Ar an taobh amuigh
(47) Ce'n dream de dhaoiní atá ar an domhan nach[?] bhfuightheá lán báid acú = : Frg.- Pápaí
(48) Caidé atá níos gile na an sneachta = : Frg.-Aingeal(leanann ar an chéad leathanach eile)