Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 590
- XML “An tSraith Thiar”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ina chómhnuidhe sa t-Sraith Thiar fadó agus sé an tainm a bhí air na Éamonn Bairéad. Bhíodh sé i gcómhnuidhe ag imirt cárdaí acht ní raibh airgead ar bith aige acht iasc. An oidhche seo bhí sé ag teacht abhaile agus bhí sé déidheannach san oidhche. Bhí faitchíos air mar bhí áit uaigneach ar thaobh an bhóthair.
Bhí mada aige agus gach áit a bhíodh sé thiocfaidh an mada in a dhiaidh. Ní raibh uaigneas air gur thosaigh an madadh ag léimrigh suas air agus ag sceamhghail. Léim sé arís agus arís eile acht níor thug Éamonn [?] áird air. Bhí an madadh mar sin gur tháinig go dtí an crosaire - bóthair. Chonnaic Éamonn cú fiadhán ina shuidhe ar thaobh an bhóthair. Thosaigh madadh Éamoinn ag troid leis. Rith Éamonn abhaile chómh tapaidh is bhí ina chosaibh mar fhios aige nach cú ceart a bhí ann. Ní dheachaidh Éamonn a chodladh mar bhí sé ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Tomás O Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo