Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 609
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibh na bó;- Geibhtear cois na fairrge é i n-áit a bhfuil an tsáile ag teacht isteach air. Baintear é agus nighthear an gainimh as. Beirbhighthear é agus tugtar an tuisge beirbhighthe do bó lag tanaidhe chun í a leigheas.
Luibh na gCaorach:- Fásann an luibh seo san ngainimh leis. Bíonn bláth buidhe air agus nuair itheann an caora é ritheann sí go dtí an tsruthán agus leanann sí ag ól go bpléasgann sí.
Muing Bharra:- Duilleóga beaga a fhásann cois claidhthibh iseadh é sin. Piochtar iad agus cuirtear in aice na teineadh iad go dtí go mbhíonn siad te. Annsin cuirtear ar cos capaill nó ar cos asail atá aite air.
Buaileadh Sidhe:- Nuair thagann tinneas ar bó mar gheall ar í bheith ina luighe ar an bhféar fliuch deirtear gur b'iad na daoine maithe a chaith na clocha sin leo. Bailighthear na clocha agus cuirtear tuighe i mbéal an crúiscín le flóirín Sasanach(leanann ar an chéad leathanach eile)