Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 610
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tugann siad an tuisge do'n bhó le'n ól agus tagann biseach uirthí annsin.
An Triuch:- Nuair a bhíonn an triuch ar leinbh, téigheann duine amach ar maidin agus fiafruigheann sé leigheas de'n chéad fhear a bhuaileann leis ag tiomáint capaill bháin ? agus cuirfidh an céad leigheas a deireann sé biseach ar an leinbh.
Dathacha:- An té a bhíonn na dathacha air chuireann sé fata beag ina phóca agus coiméadann sé ina phóca é ar feadh seacht mbliadhain agus beidh siad imtighthe in dhiaidh an ama sin.
Fáirthní:- Ma bhíonn fáirthní ar duine agus má théigheann se amach agus má fheiceann sé uisge ar bhárr cloiche bháin acht gan é a bheith ar a thóir agus má cimileann sé an t-uisge ar na fáirthníbh imtéochaidh siad.
2. Deintear aon déag de snaidhmhthibh tuighe, cuireann an duine go bhfuil na fáirthní air deich gcinn faoi'n dtalamh agus chaitheann sé an taonmhadh ceann déag thar a ghualann. Deirtear go mbéadh siad imthighte sar a mbéidh na deich gcinn eile lobhtha.