Scoil: An tSraith
- Suíomh:
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Seán Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An tSraith
- XML Leathanach 641
- XML “Crosóg Bhríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tuiteann Lá Fhéile Bríghde ar an gcéád lá de Fheabhra gach bliadhan. Ar an oidhche roimhe sin deantar Crosóg Brighde i ngach tigh. Is mar seo a deintear iad. Tógtar dhá phíosa adhmuid agus cuirtear treasna a chéile iad i bhfuirm croise.
Geibhtear píosa tuighe agus cuirtear treasna an adhmuid go dtí go mbéadh sé beagnach cluduighthe fé mar tá sé ins an bpictúir.
( Pictúir - Crosóg Bhríde )
Ar an oidhche roimh Lá Fhéile Bríghde deantar na crosóga agus cuirtear suas idir na creataigh iad. Fágtar annsin iad ar feadh na bliana. Ar an oidhche sin freisin crochtar taobh amuigh de'n doras píosa éadaigh deirge ar a dtugtar " Brat Bridhde " agus i lár na hoidhche caithtear suas ar an dtigh é. Fágtar ann é. Deirtear go mbéidh an rath ar an dteach an fhaid(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhuilligh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Labhras O Ciaragain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tSraith, Co. Mhaigh Eo