Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 13
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí gasúr acú. Fuair an fear bás. Lá na beirt indiadh seo bhí aonach ins an bhaile seo.”
SgéalBhí fear agus bean ann aon uair amháin agus bhí gasúr acu. Fuair an fear bás. Lá na beirt indiadh seo bhí aonach ins an bhaile seo. Bhí dhá bhoin ag an mhnaoí seo. Chuir sí an gasúr 'an aonach le ceann aca. D'iarr sí air gan an chead luach no an dara luath a ghlacadh. Rinne sí amach go mbéadh an luach ag éirigh níos mó ar fad. Bhí sé ag fághail luach maith uirthí an chead uair. Bhí an dara luach go measardha ach ní rabh an treas luach ach go h-iongantach olc ar fad. Bhí trí toighe leanna ar an bhaile mhór. Rann sé a chuid airgead ar na trí toighe. Annsin tháinig sé arais agus sgaifte daoine leis agus thug sé deoch dóbhtha uilig. Annsin thóg sé a hata. Rinne siadsan amach gurab é an hata a fuair an deoch dóbhtha agus rinne sé a rud ceadhna ins na toighthe eile. Níor imthigh siad amach as an teach dheireannach gur cheannuigh siad an hata. Thug siad trí chéad phunta dó ar an hata. D'imthigh sé leis 'na bhaile agus é bhreágh sásta. An dara aonach abhí ar an bhaile seo thug na fir an hata leóbhtha. Thug siada lán daoine leóbhtha isteach ins an teach leanna seo. Nuair a fuair siad uilig deoch, thóg duine dós na fearaibh an hata ach dubhairt an fear an t-siopa nach rabh maith ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Mac Aoidh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Séamus Mac Mongail
- Inscne
- Fireann