Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Sraith Mhór
- XML Leathanach 89
- XML “Ainm Áiteacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuaireas an t-eolas seo ó paistí S.N. Srátha Mhóir. Siad féin a sgríobh síos é
1) DROICHEAD na nGIORRSACHCaóga blian ó shoin bhí beirt ghiorrsach ag teacht ó Gleann-Súiligh. Tháinic cíoth trom fearthainne ortha agus chuaidh siad isteach faoi'n droichead seo ar fásgadh. Tháinic tuille mór anuas leis an abhainn agus báidheadh bean amháin acú. Tugtar Droichead na nGiorrsach ar an droichead sin ó shoin.
2) CNOC a' STUALAIRÁBhí fear ag coimhead ba agus caorach ann, ba é seo an léas ainm abhí air. Tá an t-ainm seo ar an cnoc ó shoin.
3) ALT an MADADH MHIREAlt i nár marbhadh madadh mire
4) UAIGH na MNÁ MIRETá an uaigh seo os cionn binn mhóir; bhí bean mhíre ag dul thart i n-ám amháin i bhfad ó shóin ó áit go h-áit agus fuair sí bás ar an cnoc seo. Tá a h-uaigh le feicéal annsin go fóill.
5) CNOC a BHRISTESplancaí a thuit air uair amháin agus bhris sé suas na clocha uilig, agus baist siad Chnoc a Bhriste air ó shóin(?)(leanann ar an chéad leathanach eile)