Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 52

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 52

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 52
  3. XML “Scéal - Srath Uí Domhnaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal
    Sráth Uí Dhomhnaill
    Nuair a oibriughadh na bráithre as Dhun na nGall d'fan brathair amhain. Bhí gé aige bheireadh an gé seo uibh achan lá agus sin a rabh de bhiadh aige. Chualaidh duine de na Ó Domhnaill fa dtaobh de agus chuaidh sé chuig an bhrathair agus bhain sé an gé dé. Bhí an gé ag O Domhnaill agus ní rabh sí dadaid níos fearr no gé ar bith eile agus tháinig plaigh luchogaí ar cáislean Uí Dhomhnaill. Théigheadh Ó Domhnaill achan lá chúig an brathair ag iarraidh air na luchogaí a chuir ar siubhal ach dubhairt sé na dtiocfadh leis dadaidh a dheánamh do "no d'fag mise ag Dia é agus ní thig liom é a athrughadh" arsa'n briathair ach ar maidin imbarach bí réidh le do cáislean a fhagailt agus buailfidh clog 'san speir agus lean thusa é agus cia bith áit as stapfaidh sé déan thusa do comhnuidhe annsin. Rinn Ó Domhnaill réidh agus lé h-éirighe na gréine ar maidín lá ar na bharach, bhual chlog shuas 'san spéir. D'fag Ó Domhnaill an caislean agus lean sé an chlog o thuaidh o Dhun na nGall go dtí go siad comhgarach ag Litir -Ceanann. Stap an clog annsin agus rinn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní hEarlaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seamús Mac Aodhchain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    76
    Seoladh
    Béal an Átha Móir, Co. Dhún na nGall