Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)
- Suíomh:
- An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brighid Ní Ghaodhchain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Comharthaí droch-aimsear(Boglach)1. An madadh ag ithe féir.
2. An chuiteóg ag snamh ar an bhealach mhóir.
3. Na breic ag leimhnigh.
4. Na cearca ag piocadh ortha fhéin.
5. An spideog ar dul ar fasthadh.
6. Thig na caoraigh anuas go dtí na pairceannaibh.
7. Tig na cearca fraoich anuas comhgarach chuig na tighthe.
8. Na ba da gcraitheadh féin ar a gcuid aoiligh.
9. Nuair a bíos an cat ag nighe a agaidhe cuireann sé a [chos?] suas i gcul a chluaise ( ag deanamh tuile).
10. Bíonn an fainleog ag eiteallaigh go h-íseal.
11. Grainneogaí féir a beith ag rith frid na páirceanna[ibh?]
12. Fáinne ar an ghealaigh.
13. An olc le mioltogaí.
14. Nuair a luigheann an fhearthainn ar na fuinneógaibh.
15. Nuair a theidheann an ghrian síos go dócra.
16. Má thagann an ghrian amach ro luath ar maidín.
17. An teine a fheiceal fríd an fhuinneóig.
18. Nuair a thig na caoraigh anuas go dtí na pairceanna.
19 Nuair an toit anuas go dtí an talamh.
20. Da dtiocfadh duine ar bith isteach go dtí an teach agus air leis an taobh amuigh istoigh.
21. Má théidheann an toit suas díreach ar maidín.