Scoil: An Sraith Mhór (uimhir rolla 15208)

Suíomh:
An Srath Mór, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brighid Ní Ghaodhchain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 25

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1073, Leathanach 25

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Sraith Mhór
  2. XML Leathanach 25
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal

    Bhí fear in Áradachruinn dar bhainm Seamús Ó h-Earlaigh. Ba gnathach leis amharc amuigh achan mhaidin go bhfeicfeadh sé an rabh a dhath cearr.

    Sgéal
    Bhí fear in Áradachruinn dar bhainm Seamús Ó h-Earlaigh. Ba gnathach leis amharc amuigh achan mhaidin go bhfeicfeadh sé an rabh a dhath cearr. Maidin amháin d’amharc sé amach agus chonnaic sé bó na luighe ins an mhioidún faoi’n teach. Dubhairt se leis fhéin caidé thug tusa annsin caithfidh sé gur fhag duine inteacht doras an boithigh fosgailte. Chuaidh sé isteach annsin agus tarraing sé air a bhriste agus chuaidh sé amach cos-tarnacht. Chuaidh sé suas go doras an bhoithigh agus bí an doras druidthe. D’fosgail sé an doras agus d’amharc sé isteach. Bhí an bó ceangailte ar an stáca. Chuaidh sé síos annsin go dtí an áit a radh an bó ina luighe agus chan fachaidh sé a dhath ann. Chuir seo iongantas mór air. Coi’gis indiaidh seo fuair an bhó bas. Bhó buidhe abhí ann a rabh sluacáin uirthí.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlin Ní hEarlaigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Seán Ó hEarlaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Ard an Chrainn, Co. Dhún na nGall