Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéal.An bhean agus an pota.
Bhí bean ann aon uair amháin agus bhí (sé) sí an bhocht. Gach lá chaithfeadh sí a ghabhail go dtí teach na gcomharsan fá choinne pota a fhághail, fá coinne a dinnear a bhraith dithe fhéin. An lá seo nuair a bhí sí ag gabhail fá choinne an phota casadh fear uasal uirthí agus d’fhiafruigh sé dithe rud eiginteacht. Thug sé freagar air agus annsin thóisigh sí agus d’innis sí an scéal do.
Dubhairt sí leis go rabh sí ag gabhail go tighe na comharsan fá choinne pota a fhághail, le na cuid a dheanadh réidh ann. Ghlac an fear truaighe dithe agus chuir sí a láimh síos in a phota agus tharraing sé amach léath-chórainn. Thug sé dithe an leath-chórainn agus d’iarr sé uirthí póta a cheannacht. Thug sí maitheamhnas do an fhear uasal agus d’imthigh sí chun an t-siopa leis an phota a cheannacht.
Chuaidh sí isteach ins an t-siopa agus cheannuigh sí an pota ar an airgid. Nuair a tháinic sé amach as an t-siopa arás rith sí na bhaile comh tapaidh is a thiocfadh leithe agus an pota idir a dá láimh léithe. Nuair a chuaidh sí na bhaile chuir sí síos an pota ar an téinidh agus thóisigh sí ag deánadh réidh an dinnear acht sul a dtearn sí sin smaoitigh sí nach mbéadh aici le pota a iarraidh ar dhuine ar bith feasta nuair a bhí ceann aici fhéin.
Chuir sí an pota ar an teinidh agus chuaidh sí go dtí an doras agus thóisigh sí ag sgairtigh amach, “Ní iarrfaidh mise pota ar bith ar dhuine ar bith feasta, agus ní thabhairfidh mé uaim mo phota fhéin”. Acht nuair a tháinig sí ar ais leis an dinnear a chur síos bhí an pota bríste ar an téinidh mar nach smaoitigh sí aon ndeor uisce a chur ann. Tá seán fhocál(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Prionnsias Mac Giolla Bhrighde
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Machaire Loiscthe, Co. Dhún na nGall